Bhain na Naíonáin Bheaga an-taitneamh as Seachtain Mata. Rinneamar go leor gníomhaíochtaí mata ar scoil an seachtain seo agus rinne na páistí ar fad hata mata. Bhí na hataí ar fheabhas! Maith sibh!
An tseachtain seo chaite chuaigh na Naíonáin Bheaga ar thuras scoile go dtí Teach Bán an Aeir (Airfield) i nDún Droma. Chonaiceamar an gairdín, na hainmhithe agus an teach mór. Bhí muca, ba, sicíní asail agus gabhair ann. Chuamar sa tóir ar fheithidí agus fuair cúpla duine damháin alla! Sa […]
Chuireamar síolta sa rang coicís ó shin agus anois tá siad ag fás! Chuireamar dhá shaghas planda – bláthanna agus biolar uisce. Thosaigh an biolar ag fás go tapa. Ar dtús chonaiceamar eascróg ag teacht amach ón síol. Ansin d’fhás na fréamhacha. Beidh duilleoga agus bláthanna ag teacht go luath! […]
Faoi láthair táimid ag déanamh staidéar ar an scéal Dónall An Chlúimh Agus An-Ocras Air. Inniu rinneamar clúmh mór as plátaí páipéir! Ar dtús chuir gach páiste péint ar an phláta, ansin rinne siad na cosa agus sa deireadh chuireamar an clúmh le chéile. Tá fíor chlúmh againn sa rang chomh […]
Bhí na páistí gléasta suas mar caractair ó na leabhair is fearr leo. Rinne gach duine sár iarracht! Sa rang rinneamar máscanna bunaithe ar an leabhar Ulchabháin Óga le Martin Waddell!
Inniu bhíomar ag foghlaim faoi comharthaí an Earraigh: uain, bachlóga, glóthach froig, lus an chromchinn agus plúiríní sneachta. Rinneamar uain sna páirceanna ag úsáid olann cadáis. Níl an aimsir te go fóill!!