
May 3, 2018
Síolta
Chuireamar síolta sa rang coicís ó shin agus anois tá siad ag fás! Chuireamar dhá shaghas planda – bláthanna agus biolar uisce. Thosaigh an biolar ag fás go tapa.
Ar dtús chonaiceamar eascróg ag teacht amach ón síol.
Ansin d’fhás na fréamhacha.
Beidh duilleoga agus bláthanna ag teacht go luath!
Mar thurgnamh chuireamar síolta gan uisce, gan mhuirín, gan solas (i mbosca) agus gan teas (sa chuisneoir). Seo conas a d’fhás siad:
- Bláthanna agus biolar uisce.
- Síolta le muirín, solas, teas agus uisce.
- Gan uisce.
- Gan solas.
- Gan teas.
- Gan muirín.