
June 7, 2018
Turas Scoile
An tseachtain seo chaite chuaigh na Naíonáin Bheaga ar thuras scoile go dtí Teach Bán an Aeir (Airfield) i nDún Droma. Chonaiceamar an gairdín, na hainmhithe agus an teach mór. Bhí muca, ba, sicíní asail agus gabhair ann. Chuamar sa tóir ar fheithidí agus fuair cúpla duine damháin alla! Sa deireadh chuamar go dtí’n pháirc spraoi. Bhí an-lá ar fad againn! Maith sibh Naíonáin Bheaga!